Suite i gceantar álainn iargúlta, Cuireann Cluain na dTor béim ar phlandaí a mbíonn rath orthu i ngairdíní cois Farraige agus i gceantair chósta. Tá rogha den scoth de phlandaí ar fáil a oireann do cheantair gan morán foscaidh chomh maith le gairdíní le neart foscaidh. Tá deis ag cuairteoirí na plandaí seo a fheiceáil ag fás le chéile sa ghairdín.
Anseo, in aice le sráidbhaile cois farraige An Fhál Charraigh, ar chósta thiar thuaidh Dhún na nGall, tá aeráid mheasartha mhuirí fhionnuar againn. Tá tionchar mór ag uiscí measartha te an Atlantaigh ar an aimsir sa cheantar seo, bíonn samhraí níos fuaire agus geimhreadh níos séimhe againn ná aon áit eile ag an domhanleithead céanna, ó thuaidh nó ó dheas ón Meánchiorcal.
á súil agam go mbainfidh sibh sult as a bheith ag spaisteoireacht trínár suíomh gréasáin … nó níos fearr arís, taraigí ar cuairt go bhfeicfidh sibh é mar is gceart ….
Seamus
Sruth na Murascaille – Cluain na dTor



